Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 





Rath ar an réamhscolaíocht

Údarás na Gaeltachta agus an Cúram Leanaí Réamhscolaíochta
 
Cuid lárnach d’obair an Údaráis ná cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo i bpobail Ghaeltachta, agus an teanga a chaomhnú ó ghlúin go glúin. Aithníonn an tÚdarás an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a bhronnadh ar pháistí ag aois óg agus cuireann an tÚdarás béim, dá réir, ar thábhacht na Gaeilge sa réamh-scolaíocht agus sa chúram leanaí.
 
Faoi láthair tá os cionn 1,000 páiste ag freastal ar níos mó ná 78 naíonra ar fud na Gaeltachta. Chun a chinntiú go mbíonn teacht ag pobail Ghaeltachta ar chúram leanaí den scoth trí Ghaeilge, tá scéim chúraim leanaí faofa ag an Údarás. Faoin scéim chúig bliana seo tá sé ar intinn ag an Údarás forbairt a dhéanamh ar suas le 20 ionad cúraim leanaí / seirbhíse clainne i nGaeltachtaí éagsúla idir anois agus 2006.
 
Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta í Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo., a bunaíodh le déanaí chun gluaiseacht réamh-scolaíochta na Gaeilge a chur chun cinn, chun í a mhaoiniú agus chun í a riaradh. Is ó na naíonraí Gaeltachta féin a thagann baill an bhoird ar an gcuideachta nua seo.

Teagmháil:
 
Mairéad Mac Con Iomaire
Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo
Cuileán
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
Teil:+353 (0) 91 595337
Facs: +353 (0) 91 595529
Ríomhphost: naionra@eircom.net
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála