Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 





Cuidiú

Cuimhnigh ar na Nithe Seo
 
Duine iontach ar leith is ea do pháiste.
 
Fásann agus forbraíonn gach páiste ag a luas féin.
 
Bíodh plean agat, ach déan an rud is nádúrtha duit féin agus don teaghlach ó thaobh cén uair agus conas a mbainfear úsáid as na teangacha éagsúla.
 
Ní mholtar brú a chur ar pháiste le focail nua nó abairtí nua a rá, ná brú a chur orthu a bheith ag gaiscíocht faoi fhocail nua, mura bhfuil siad féin ag iarraidh iad a fhoghlaim: lig dóibh iad a rá ina n-am féin.
 
Tabhair bronntanas don pháiste as ucht an dá theanga a úsáid.
 
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála