Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 





Conas tosú

Níl sé choíche róluath le tosú

Tá dóigheanna éagsúla ann le Gaeilge a úsáid sa bhaile, ag brath ar cad is fearr leat agus cad a oireann duit.
 
Más cainteoirí líofa tú féin agus baill eile den teaghlach, is amhlaidh is fearr é ach níl sé riachtanach.
 
Más rud é go labhraíonn tuismitheoir amháin Gaeilge leis na páistí ach nach labhraíonn an tuismitheoir eile, tá sin ceart go leor fosta. Is iomaí teaghlach sa domhan a thógtar sa tslí sin.
 
Ní bheidh mearbhall ar bith ar na páistí, a fhad is a chloíonn an t-athair le teanga amháin agus an mháthair leis an dara teanga nuair atá siad ag caint leis na páistí.
 
Má tá tú féin ag foghlaim Gaeilge, d‘fhéadfá an méid di atá agat a roinnt leis na páistí agus ar an tslí sin, beidh sibh ag foghlaim le chéile.
 
Mura bhfuil agat ach cúpla focal Gaeilge, bain úsáid astu leis na páistí agus tabhair spreagadh dóibhsean iad a úsáid fosta.
 
Tá go leor, leor leabhar, téipeanna, dlúthdhioscaí agus cláir theilifíse ina bhfuil amhráin agus scéalta i nGaeilge a bhféadfadh sibh pléisiúr agus sult a bhaint astu i gcuideachta a chéile.
 
Agus ní gá a bheith buartha faoi mBéarla - foghlaimeoidh siad é ón teilifíse agus ón gcomharsanacht máguaird.
 
Má thugaimid Gaeilge dár bpáistí ón gCéad Lá ar aghaidh, beidh teanga agus cultúr acu a bhféadann siad a bheith bródúil agus mórtasach astu ar feadh a saoil.
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála