Tá an Feachtas Feasachta Teanga seo á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Moladh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, a foilsíodh i 2002, go mba chóir feachtas feasachta mar seo a thionscnamh. Rinne coiste comhairleach a bhunaigh an tAire Éamon Ó Cuív, chun comhairle a chur air maidir leis na bealaí go bhféadfaí feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí a rinneadh sa tuarascáil, forbairt ar an moladh sin . Mhol an coiste comhairleach seo go gcuirfí feachtas feasachta sa tsiúl a bheidh dírithe go sonrach ar thuismitheoirí pháistí óga sa Ghaeltacht san aoisghrúpa 0 go 5 bliana d’aois chomh maith le tuismitheoirí atá ag súil le páiste.
Is é príomhaidhm an fheachtais ná comhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar phríomhtheanga an teaghlaigh.
Tá na gnéithe seo a leanas mar chuid de:
• Feachtas teilifíse agus raidió
• Ábhar tacaíochta (póstaeir agus
leabhrán eolais).
• Suíomh Gréasáin a chuirfidh eolas agus comhairle ar fáil
Cuirfear an t-ábhar tacaíochta thuasluaite ar fáil go príomha tríd na seirbhísí atá ag plé le réamhscolaíocht sa Ghaeltacht chomh maith le seirbhísí chúram leanaí agus eagraíochtaí ábhartha eile sa Ghaeltacht.