Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 



Cúlra faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Bhunaigh an Rialtas An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i 2002 agus ceapadh Éamon Ó Cuív, T.D. mar Aire uirthi. Tá breis agus 240 duine ag obair sa Roinn a bhfuil a ceanncheathrú Gaeltachta sna Forbacha, Gaillimh. I measc na bhfreagrachtaí atá ar an Roinn tá freagracht faoi leith uirthi i ndáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Is cuspóir lárnach de chuid na Roinne forbairt eacnamaíochta, fhisiciúil agus shóisialta a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a láidriú mar phríomh theanga phobail na Gaeltachta, go háirithe i dtéarmaí an teanga a thabhairt ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Féachann an Roinn leis an gcuspóir seo a bhaint amach trí bheartais agus scéimeanna éagsúla dá cuid féin a reáchtáil agus trí eagraíochtaí atá faoina coimirce - Údarás na Gaeltachta ina measc.
 
Tuilleadh eolais
 
 
An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta
Na Forbacha
Gaillimh
+353 (0) 91 503700
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála