Údarás na Gaeltachta
Is gníomhaireacht forbartha stáit é Údarás na Gaeltachta, ag a bhfuil sainordú reachtúil geilleagar na Gaeltachta a fhorbairt agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothú mar phríomh-theanga phobail ann.
Bunaíodh an tÚdarás chun tacú le fostaíocht agus le fiontar sna Gaeltachtaí.
Is é atá i gceist le "Gaeltacht" ná réigiún ina n-úsáidtear an Ghaeilge mar theanga phobail. Cuimsíonn an Ghaeltacht limistéir fhairsinge sna Contaetha seo a leanas: Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí. Cuimsíonn sé limistéir faoi leith i gContae Chorcaí, i gContae na Mí agus i bPort Láirge freisin.
Cuireann an tÚdarás scéimeanna fostaíochta chun cinn trí fhorbairt a dhéanamh ar na hacmhainní nádúrtha áitiúla, ar na scileanna agus ar an gcumas fiontraíochta agus trí mhealladh a dhéanamh ar infheisteoirí chuig an nGaeltacht. Oibríonn Údarás na Gaeltachta le pobail agus le heagraíochtaí áitiúla chun nasc a chruthú idir an ról forbartha ar gheilleagar na Gaeltachta atá aige leis an ról tacaíochta cultúrtha agus leis na gníomhaíochtaí forbartha teanga.
Tá ceannáras Údarás na Gaeltachta suite sna Forbacha i gContae na Gaillimhe. Tá oifigí réigiúnacha aige freisin i nDún na nGall, i Maigh Eo, i gCorcaigh agus i gCiarraí. 20 ball atá ar Bhord Stiúrtha an Údaráis. Toghann toghthóireacht na Gaeltachta seacht nduine dhéag as an bhfiche agus ceapann an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an triúr eile.
Sonraí Teagmhála
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
Teil: +353 (0) 91 503100
Facs: +353 (0) 91 503101
Ríomhphost
eolas@udaras.ieIdirlíon:
www.udaras.ie