Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 



Réamhrá

Tá an domhan beag!
 
Is í an chumarsáid an eochair do dhomhan an lae inniu. Tá buntáiste follasach ag an té atá in inmhe cumarsáid a dhéanamh i níos mó ná teanga amháin.
Sa lá atá inniu ann, labhraíonn corradh le 65% de dhaonra an domhain dhá theanga, ar a laghad, gach lá dá saol. Baineann 50 milliún duine úsáid as teanga  eile seachas teanga oifigiúil na tíre sin ina bhfuil siad ina gcónaí!
 
Is tír dhátheangach í Éire fosta. Labhraíonn daoine Gaeilge agus Béarla gach uile lá i ngach cearn den tír. D’fhéadfadh do pháiste a bheith dátheangach chomh maith, agus tairbhe a bhaint as na buntáistí go léir a théann leis sin.
 
Ní gá duit a bheith i do chainteoir dúchais chun go mbeadh sé ar do chumas cuidiú le do pháiste Gaeilge a labhairt.
 
Smaoinigh ar na buntáistí go léir a bheidh ag do pháiste siocair go mbeidh sé/sí ábalta dhá theanga a labhairt! Smaoinigh ar an spraoi a bheidh agat féin agus ag do chuid páistí le chéile! Smaoinigh ar an nasc speisialta a chruthófar de bharr a bheith ag maireachtáil le teanga atá chomh suntasach le do pháiste féin!
 
Ádh Mór Ort!
 
Go n-éirí an bóthar leat!
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála