Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 



Cuidiú le do pháiste scileanna teanga a fhorbairt

Conas is féidir liom scileanna teanga mo pháiste a fhorbairt?
 
“Ná bíodh do theanga caite go deo agat le do pháiste.”
 
Rud nádúrtha do thuismitheoirí ná a bheith ag labhairt lena bpáistí ón lá a saolaítear iad.  Má labhrann tú le do pháistí agus tú á mbeathú, á ní, nó á ngléasadh, beidh tú ag leagan síos a mbunús foghlama teanga.  Bí cinnte an dá theanga a labhairt leo ón tús.
 
Foghlaimíonn do leanbh teanga ar bhealach amháin, is é sin trí éisteacht le daoine eile fad is atá siad ag labhairt leo.  Dá mhéid a labhrann tú le do pháiste, tríd na focail, na habairtí agus na struchtúir a rá agus a athrá, is luaithe a thosóidh do pháiste ag labhairt.
 
Faoin am a mbíonn do leanbh naoi mí d’aois, ba cheart go dtuigfeadh sé/sí focail shimplí agus orduithe simplí.  B’fhéidir go mbeidh do leanbh in ann cúpla focail a rá faoin am sin freisin.
 
Cé go bhfuil do leanbh fós ag foghlaim, ní chiallaíonn sin nach bhfuil sé/sí ag éisteacht agus ag foghlaim an bhrí atá le d’fhocail.  Tuigeann leanaí óga i bhfad níos mó ná mar atá siad in ann a chur in iúl.  Tuigeann gnáthpháiste atá thart ar bhliain d’aois thart ar 55 focal, cé go mb’fhéidir nach bhfuil sé/sí in ann ach focal nó dhó a labhairt.
 
Tá léamh scéil ina bhealach iontach le spreagadh a thabhairt chun teanga a fhoghlaim.  Déan iarracht na scéalta céanna a léamh arís is arís eile, agus beidh a thoradh le feiceáil.  Ná déan dearmad go bhfuil scéalta miotaseolaíochta agus finscéalta Gaeilge i measc na scéalta is fearr dá bhfuil ann.
 
Nuair a bheidh na páistí beagán níos sine, is féidir leat dánta páistí a mhúineadh dóibh.  Léiríonn taighde atá déanta, go gcuidíonn dánta páistí go mór le páistí atá trí bliana d’aois, chun a scileanna réamhléitheoireachta a fhorbairt. 
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála