Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 



Cén fáth dhá theanga?

Cén chiall atá le dátheangachas?
 
An té atá dátheangach, tá sé/sí ábalta dhá theanga a labhairt go furasta nádúrtha!
 
CÉN FÁTH Dhá Theanga?
 
• Tiocfaidh an dátheangachas go nádúrtha le do pháiste – má thosaíonn tú go luath!
 
• Cuideoidh an dátheangachas le forbairt intinne do pháiste.
 
• Tá deiseanna fostaíochta níos fearr ar fáil do dhaoine atá dátheangach.
 
• Méadaíonn an dátheangachas féin-mheas an pháiste.
 
• De thairbhe a bheith dátheangach, beidh sé níos fusa ag do pháiste an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim amach anseo.
 
• Cuideoidh an dátheangachas le do pháiste tuiscint agus meas a bheith aige/aici ar dhaoine ó chultúir agus ó chiníocha eile a labhraíonn teangacha difriúla.
 
• Osclaíonn an dátheangachas doirse chuig cairde agus eispéiris úrnua ar fud an domhain.
 
• De thairbhe a bheith dátheangach, is féidir le páistí a bheith níos bródúla as a gcultúr féin le cois go mbeidh dáimh níos láidre acu leis.
 
Is fiú é – ach cén dóigh a ndéanfaimid é?
 
Gheofar eispéireas ar leith as a bheith ag tógáil páistí go dátheangach.
 
 
 
Faigh amach faoi bhronntanas an dátheangachais a bhronnadh ar do pháistí
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála