Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 




Réamhrá

Nach beag an saol é!  Teorainneacha oscailte, an t-idirlíon, saoirse taistil.  Tá cultúir dhifriúla agus teangacha difriúla ag dul i bhfeidhm ar dhaoine fásta agus ar pháistí ar bhealach nach raibh riamh cheana. 
 
Sa lá atá inniu ann, labhrann níos mó ná 65% de dhaonra an domhain ar a laghad dhá theanga ina shaol laethúil!  Labhrann 50 milliún duine san Eoraip teanga atá difriúil ó theanga oifigiúil na tíre in a bhfuil cónaí orthu!
 
Is tír dhátheangach í Éire freisin.  Labhrann daoine Gaeilge agus Béarla gach lá i ngach páirt den tír.  Ar mhaith leat go mbeadh do pháiste dátheangach, agus go mbainfeadh sé/sí tairbhe as na buntáistí ar fad a théann leis?
 
Smaoinigh ar na buntáistí ar fad a bheadh ag do pháistí dá mbeidís dátheangach.  Smaoinigh ar an spraoi a bheadh agat féin agus ag do pháistí le chéile! 
Smaoinigh ar an gcaidreamh speisialta a chruthófaí trína bheith ag labhairt na Gaeilge le do pháistí.
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála