Ná bí buartha, tá cabhair ar fáil!
An bhfuil ról na máthar níos tábhachtaí ná ról an athar?
Níl. Tá rólanna an dá thuismitheoir chomh tábhachtach lena chéile. Má chaitheann na tuismitheoirí am leis na páistí, ag léamh scéalta dóibh, ag spraoi leo, agus ag labhairt leo, foghlaimeoidh siad ón mbeirt thuismitheoirí ar chomhchéim. Foghlaimeoidh do pháiste ó dhaoine eile sa teaghlach, ó na seanaithreacha, seanmháithreacha, deartháireacha agus deirfiúracha atá níos sine ná iad, agus ó uncailí agus ó aintíní.
Céard a dhéantar muna labhrann tuismitheoir amháin Gaeilge?
Is amhlaidh a bhíonn an cás go minic. Ná bíodh imní ort, nuair atá sé beartaithe agat do pháiste a thógáil le dhá theanga, déan plean amach. Is féidir leis an tuismitheoir a bhfuil Gaeilge ar a t(h)oil aici/aige Gaeilge a labhairt leis an bpáiste chomh minic agus is féidir, ionas go mbeidh taithí ag an bpáiste ar an dá theanga.
Ach an mbeidh duine amháin againn fágtha as an scéal?
Ní bheidh. Má tá plean socraithe agaibh le chéile, bainfidh an teaghlach uile sult as teanga eile a labhairt, agus foghlaimeoidh sibh focail nua trí aird a thabhairt ar an bpáiste nuair a thosóidh sé/sí iad ag aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Is deis é seo díbh, tú féin agus do pháirtí, spreagadh a thabhairt do bhur bpáiste agus dá chéile agus céim chun cinn breise a thabhairt do bhur bpáiste ag tabhairt aghaidh ar an saol.
An mbeidh mé míchompordach ag labhairt Gaeilge le mo pháistí?
Dá laghad cur amach atá agat ar an nGaeilge, is míchompoirdí a bheidh tú léi. Má dhéanann tú iarracht, ní fada go n-imeoidh an mhíchompord. Ach déan an rud is nádúrtha duit féin agus don teaghlach i dtaobh cén uair agus conas a úsáideann sibh Gaeilge. Agus, ná bí buartha faoi ghramadach nó faoi bhotúin i gceachtar teanga. Níl i dteanga ach modh cumarsáide le mothúcháin agus smaointe a chur in iúl.
An mbeidh mo pháiste measctha idir an dá theanga?
Beidh, meascfaidh do pháiste focail ar dtús, ach ná bí buartha, tarlaíonn sé seo. Go deimhin, tá sé thar a bheith tairbheach don pháiste dhá theanga a chloisteáil. Léiríonn taighde le linn an chéad staid foghlamtha, agus ina dhiaidh, go mbeidh do pháiste in ann idirdhealú a dhéanamh idir an dá theanga agus tú a fhreagairt sa teanga a labhrann tú leo. Is furasta do pháistí teanga a fhoghlaim, agus ní chuireann sé as dóibh an dá theanga a mheascadh le chéile.
An ndéanfaidh mo pháiste na botúin a dhéanaimse?
B’fhéidir, ach tá gach seans ann nach gceartóidh do pháiste tú. Seans go mbeidh tú in ann Gaeilge a fhoghlaim sách maith le fanacht chun cinn ar do leanbh nó ar do pháiste. Ní gá go mbeadh focail mhóra ná gramadach ar do thoil agat le labhairt le páiste óg.
Muna leanaim rialacha diana, ní bheidh mo pháiste in ann dhá theanga a fhoghlaim!
Deirtear gurb é an t-aon bhealach le páistí a thógáil le dhá theanga ná patrún dian a leanúint go dlúth, go hiondúil tríd an dá theanga a labhairt sa bhaile. Léiríonn taithí phraiticiúil, áfach, go bhfoghlaimíonn páistí an dá theanga ar aon chuma, chomh fada agus go dtugtar a lán tacaíochta agus spreagtha dóibh. Bhainfí an-tairbhe as plean ina mbeadh an teaghlach ar fad, muintir agus cairde, páirteach ann. Cuir ina luí ar do pháiste gur rud nádúrtha é a bheith dátheangach.
Céard faoi mo pháistí eile?
Dá luaithe a thosaíonn tú leo, is amhlaidh is fearr! Is mór an cúnamh a bheith ag fás agus ag foghlaim Béarla agus Gaeilge ag an am céanna, nó fiú teanga eile a fhoghlaim, ach cuimhnigh gur féidir le páistí scileanna luachmhara teanga a fhoghlaim ag aois ar bith, agus más mian leat go bhfoghlaimeoidís Gaeilge, bí cinnte go gcuirfear na páistí ar fad san áireamh sna gníomhaíochtaí agus sna cluichí a bheidh ar siúl le go mbainfidh siad sult as a bheith ag foghlaim.
Conas is féidir liom cabhrú le mo pháiste Gaeilge a fhoghlaim?
Cláir theilifíse (TG4): cuir tús le grúpa spraoi ina mbeidh páistí eile, bain úsáid as an idirlíon, as CD ROM, as leabhair, as an leabharlann áitiúil, as amhráin, as daoine fásta eile a labhrann Gaeilge – is foinsí iad seo ar fad duit féin agus don pháiste. Ná bí buartha má cheapann tú nach bhfuil tú sách cumasach ag labhairt na teanga.
Cad faoi a labhróimid?
Bí cruthaitheach! Cuir ceisteanna orthu agus tú ag léamh scéil dóibh. Spreag iad le labhairt leat faoi na bréagáin / leabhair /fístéipeanna / cláir theilifíse is fearr leo.
Cad faoi leanaí atá an-óg?
Labhair leo. Abair leo céard atá ar siúl agat, taispeáin dathanna agus bréagáin dóibh, bain úsáid as amhráin agus as dánta Gaeilge agus cabhróidh sé sin leo na fuaimeanna a aithint agus an teanga a aithint.
Nílim sách muiníneach chun Gaeilge a labhairt le mo pháiste?
Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge chun í a mhúineadh do pháiste! Téigh chuig ranganna Gaeilge. Faigh seanleabhair Ghaeilge! Ná géill don lagmhisneach agus tú ag lorg focal agus nathanna cainte. Cuir glaoch ar do chara: cuir ceist ar do chara, ar do chomharsa nó ar dhuine sa teaghlach a labhrann Gaeilge chun cabhair a fháil.
Nach bhfoghlaimeoidh siad Gaeilge ar scoil ar aon chuma?
Foghlaimeoidh, ach cuimhnigh gur féidir leatsa céim chun cinn a thabhairt don pháiste le linn blianta tábhachtacha na hóige. Ansin nuair a rachaidh an páiste sin ar scoil, beidh níos mó féinmhuiníne aige/aici le tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim. Laghdóidh sin an dúshlán a bheidh le sárú ar scoil. Beidh bunchloch leagtha síos do gach saghas foghlama, chomh maith le foghlaim na Gaeilge.
Cén chaoi a bhfaighidh mo pháiste an lámh in uachtar ar fhoghlaim dhá theanga?
Léiríonn taighde go gcuireann dhá theanga le hábaltacht páistí fadhbanna a réiteach, toisc go bhfuil níos mó ‘cosáin’ forbartha acu ina n-inchinní chun glacadh le heolas agus le foclaíocht. Léiríonn staidéar a rinneadh le gairid gur iondúil gur fearr a éiríonn le páistí i ngach ábhar sa chúrsa scoile má tá siad i mbunoideachas dátheangach! Dá mhéid a bhíonn ar eolas acu, is mó a bheidh siad in ann a fhoghlaim. Má thugann tú deis don pháiste dhá theanga a fhoghlaim, beidh tú ag tacú le forbairt na hintinne. Tabharfaidh tú cumas dóibh fadhbanna a réiteach níos fearr, chomh maith le cuidiú lena bhféinmhuinín agus beidh nasc níos láidre á chruthú agat idir tú féin agus do chlann! Cabhróidh foghlaim agus úsáid an dá theanga le forbairt scileanna intinne an pháiste ar bhealaí eile freisin.