Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 




Cén fáth teanga eile?

Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Is féidir leat bronntanas iontach speisialta a thabhairt do do pháiste! Tá muidne thar a bheith ádhúil a bheith inár gcónaí in áit inar féidir le páistí fás suas agus iad ábalta Gaeilge agus Béarla a labhairt go líofa. Bronnann sé seo tuilleadh saibhris ar a saol agus cuireann sé buntáistí ar fáil dóibh le linn dóibh a bheith ag fás.
 
Foghlaimíonn páistí óga teangacha go han-éasca. Súnn siad suas iad mar a bheadh spúinsí ann, go háirithe má fhaigheann siad spreagadh óna dtuismitheoirí.
 
A bhuíochas do Ghaeilge a thabhairt dár bpáistí ón uair a thagann siad ar an saol, táimid ag tabhairt buntáistí dóibh a mhairfidh i rith a saoil. Fiú mura bhfuil muid féin mar thuismitheoirí líofa go leor le Gaeilge a labhairt sa bhaile i gcónaí, is féidir linn mar sin féin, cuidiú go mór lenár bpáistí trína bheith ag caint Gaeilge leo go rialta.
 
Coinnigh cuimhne, tosaíonn an t-aistear is faide le coiscéim amháin!

 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála