Fúinn Ceisteanna coitianta Buntáistí - Páistí a thógáil le Gaeilge Ón gcéad lá Faoin dátheangachas Sonraí teagmhála Naisc Úsáideacha Meáin
Baile  |  Gaeilge  |  English
Tabhair bronntanas an dátheangachais do do pháiste
 
Beidh an Feachtas dírithe ar chomhairle a chur ar thuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid mar theanga an bhaile. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na tuismitheoirí sin dá réir – is é sin tuismitheoirí ón nGaeltacht ag a bhfuil páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois, mar aon le tuismitheoirí atá ag súil le leanbh.
 




Buntáistí do pháistí

Tá na buntáistí seo a leanas ag páistí a labhraíonn dhá theanga:
  • Scileanna machnaimh: tá daoine atá dátheangach ábalta smaoineamh go solúbtha agus go cruthaitheach
  • Buntáistí eacnamaíocha: tá níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil dóibh go háitiúil agus níos faide ar shiúl
  • Scileanna cumarsáide: tá daoine atá dátheangach in inmhe cumarsáid a dhéanamh le níos mó daoine (an-tábhachtach más cainteoirí Gaeilge iad   gaolta níos sine)
  • Féin-mheas:má tá duine líofa in dhá theanga, tá sé i bhfad níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim!
  • Saibhreas cultúrtha: má tá dhá theanga ar do thoil agat, tá fáil agat ar oidhreacht, ar litríocht agus ar cheol na dteangacha sin ón “taobh istigh”
Dá mhéad atá ar eolas acu, is amhlaidh is mó a thig leo a fhoghlaim. Tabhair seans do do pháiste Gaeilge a fhoghlaim ón gCéad Lá, rud a chuideoidh leo a n-inchinn a fhorbairt, a chothóidh féinmhuinín agus scileanna níos fearr iontu i mbun réiteach fadhbanna agus a bhronnfaidh orthu tuiscint níos fearr ar chultúr na hÉireann, chomh maith le féidearthachtaí fostaíochta níos fearr!
 
 
Is fiú an tairbhe an trioblóid!
 
Téarmaí agus coinníollacha  |   Cuardach  |   Sonraí Teagmhála