Tugann dhá theanga tús níos fearr do pháistí sa léitheoireacht agus sa chomhaireamh. Go minic éiríonn níos fearr leo i scrúdaithe níos déanaí sa saol.
Má tá níos mó ná teanga amháin ag páiste bíonn bunús fuaime níos leithne aige /aici a chuireann ar a c(h)umas an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim.
Beidh teacht ar stór scéalta, staire, ceoil, drámaíochta, damhsa agus cultúir má bhronntar an Ghaeilge ar pháiste.
Is féidir le haon teanga freastal a dhéanamh ar na riachtanais teanga ar fad atá againn, agus ní eisceacht í an Ghaeilge. Tá a luach agus a réimse taithí féin ag an nGaeilge.
Is ceann de theangacha oifigiúla an Stáit í an Ghaeilge. Cuireann dhá theanga deiseanna fostaíochta sa bhreis ar fáil. Go minic bíonn fostóirí ag lorg scileanna dátheangachais agus beidh an buntáiste seo ag do pháiste má thógtar iad le Gaeilge.
Má tá do pháiste ar a s(h)uaimhneas leis an dá theanga cuirfear ar a gcumas cairde sa bhreis a ghnóthú. Cuireann sé ar chumas do pháiste cumarsáid le daoine nach mbeadh an deis acu cumarsáid a dhéanamh leo gan úsáid na teanga.
Bí dearfach faoi. Beidh dea-thionchar ag úsáid na Gaeilge ar fhorbairt intleachta do pháiste agus déanfaidh sí saibhriú agus cur lena f(h)orbairt intleachta.
Beidh solúbthacht intinne ag do pháiste mar aon le híogaireacht teanga agus cluas mhaith.
Ní hé amháin go mbeidh meas ag do pháiste ar chultúr agus ar oidhreacht na Gaeilge, ach tá seans níos fearr go mbeidh tuiscint agus meas aige/aici ar chultúir eile.
Teistiméireachtaí